Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)
Grúpa nua eile de mhic léinn ag tosú Meán Fómhair 2025
Pointí Iontrála CAO 2024
CM003: 507 (40 pointe ó na scrúduithe réamhriachtanacha TEG Léibhéil B1 san áireamh anseo) 462 sa bhliain 2023
CM004: 471 (40 pointe ó na scrúduithe réamhriachtanacha TEG Léibhéil B1 san áireamh anseo) *do dhaltaí Gaeltachta. 459 sa bhliain 2023
Má tá spéis agat sa Ghaeilge agus ina bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge, is í seo an chéim duit! Cinnteoidh timpeallacht nuálach teagaisc agus foghlama IOM, agus ár dtiomantas don Ghaeilge go mbeidh paisean agat don mhúinteoireacht, agus don Ghaeilge agus dá cultúr.
Taithí na Mac Léinn
Buntáistí agus Deiseanna:
- Sparánacht €1000 ar fáil do gach mac léinn a chláraíonn ar an gcéim
- Lóistín ar an gcampas ar fáil sa Bhloc Gaeilge.
- Tá lascaine €2,590 ar fáil do mhic léinn Ghaeltachta* faoi Scéim Lóistín MIE. Tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.mie.ie/ga/saol_an_mhic_leinn/aiseanna_campais/loistin/sceim_coiriochta_do_mhic_leinn/
- Socrúcháin Scoile i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
- Deiseanna Fostaíochta i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
*Caithfidh mic léinn Ghaeltachta cónaí a bheith orthu i limistéar ainmnithe Gaeltachta oifigiúil le bheith i dteideal cur isteach ar an Scéim Lóistín mar mhac léinn Gaeltachta. Níl aon ghealltanas tugtha go bhfaighidh gach mac léinn a dhéanfaidh iarratas ar Scéim Lóistín IOM lascaine – níl ar fáil ach líon teoranta spásanna ar an Scéim.
Riachtanais Iontrála Sonracha:
- H3 sa Ghaeilge
- *Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) nó níos airde riachtanach.
Dátaí Tábhachtacha:
- Scrúduithe TEG B1 ar an Aoine, an 16 Bealtaine & ar an Satharn, an 17 Bealtaine 2025 - www.teg.ie
- Tá iarratais oscailte anois agus dúnfar iad ag meán lae ar an 16 Aibreán 2025.
- Cláraigh don scrúdú TEG B1
- Seo é an seans deireanach acu siúd atá ag tabhairt faoi scrúdú na hArdteistiméireachta a gcáilíocht TEG B1 a chomhlíonadh roimh spriocdháta an CAO.
Beidh ar mhic léinn a thugann faoi na scrúduithe TEG i mí Feabhra 2025 nó mic léinn a bhfuil na scrúduithe sin déanta acu le dhá bhliain anuas roimh thús na céime in 2025, .i. in 2023 nó in 2024, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Aoine, 25 Aibreán, 2025.
Beidh ar mhic léinn a thugann faoi na scrúduithe TEG i mí na Bealtaine, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Máirt, an 1 Iúil, 2025. Is féidir an ríomhphost a fhaigheann mic léinn ó TEG lena gcuid torthaí, a sheoladh ar aghaidh chuig: [email protected].
Nuair a sheolann mic léinn a gcuid torthaí chuig [email protected],iarrtar orthu a bheith cinnte go luann siad:
- A n-uimhir CAO
- A n-ainm mar atá sé ar an iarratas CAO
- cód an chúrsa don tairiscint gur mian leo
Tuilleadh eolais faoin gcéim ar fáil anseo:
- Suíomh: www.mie.ie/oid
- Instagram: www.instagram.com/institiuidoideachaismarino/
- Twitter: https://twitter.com/OidTri
Ar mhaith leat labhairt le duine éigin faoin gcéim? Seol ríomhphost chuig [email protected]
An bhfuil spéis agat sa chéim? Déan scanadh ar an QR cód thíos chun clárú don liosta eolais!

Lóistín i Marino
Má tá tú ag cur isteach ar an lóistín ar champas MIE, caithfear clárú don lóistín roimh 23 Bealtaine 2025 (fiú agus tú ag cur isteach ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge).
Tá an t-eolas ar fad maidir leis an lóistín ar champas MIE ar fáil thíos. Moltar duit clárú don lóistín chomh luath agus is féidir. Bí cinnte go luann tú go bhfuil tú ag cur isteach ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge nuair atá tú ag líonadh isteach aon fhoirm maidir le cúrsaí lóistín. Má bhíonn aon cheist agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Eber (lóistín ar champas Marino) ar +353 (0)1 254 2248 nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].
Seomra a chur in áirithe:
- Cláraigh don lóistín
- Ceadaigh suas le 10 lá oibre le d’iarratas a phróiseáil.
- Déanfaimid teagmháil leat chun do sheomra a dheimhniú laistigh de 48uair.
- Déanfaimid teagmháil leat freisin chun tú a chur ar an eolas más rud é nach bhfuair tú seomra, agus sa chás seo, cuirfear ar an liosta feithimh thú.
- Ní mór Ceadúnas Cónaithe sínithe agus aitheantas fótagrafach atá suas chun dáta a sheoladh chuig Eber trí ríomhphost amháin sula ndéanfar seiceáil isteach, mar aon leis na híocaíochtaí éagsúla.
- Seolfar sonrasc chugat níos gaire don seiceáil isteach.
Tábhachtach:
- Críochnaítear leithdháiltí lasmuigh den láthair; ní féidir linn uimhir do sheomra a insint duit nó cé leis a mbeidh tú ag roinnt.
- Má sheolann tú aon iarratais speisialta, mar shampla iarratas maidir le cairde, déanfaimid ár ndícheall chun éascaíocht a dhéanamh ar seo duit ach ní féidir é seo a dhéanamh i gcónaí. Dá luaithe a chuireann tú d’fhoirm isteach is ea is fearr maidir le rath d’iarratais.
Seimeastar 1
Ní chuirimid seomraí ar fáil ar bhonn seimeastar amháin.
Seomraí le dhá leapa
Tá líon beag seomraí le dhá leaba ar fáil againn.
Céard é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)?
Is céim ar leith é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) a oireann go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Tá géarghá le múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna Lán-Ghaeilge agus tá cáilíocht mhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge ag teastáil ó mhic léinn atá ag iarraidh múineadh sna scoileanna sin. Sa chéim cheithre bliana seo gheobhaidh tú amach faoin tumoideachas, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn na páistí teanga, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn siad conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh. Foghlaimeoidh tú conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, faoin tábhacht a bhaineann leis an gcultúr Gaelach mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.
Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?
Mar chuid den fhochéim déanfaidh tú staidéar ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn páistí, ar na tosca a imríonn tionchar ar a gcuid foghlama agus ar an bhfás agus an fhorbairt a tháinig ar át dtuiscint thar am. Beidh staidéar á dhéanamh agat ar an tumoideachas, ar an Oideachas Luath-Óige, ar an mbealach ina bhfoghlaimíonn páistí, ar an tSíceolaíocht agus ar an tSochtheangeolaíocht. Cuir le d’eolas ar an nGaeilge agus ar na hábhair churaclaim éagsúla, foghlaim faoi na modhanna chun na hábhair sin a mhúineadh agus faoi na buntáistí a bhaineann le hiad a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint amach le tú a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí agus/nó teastas sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.
Socruchán Scoile
Is trí mheán na Gaeilge amháin a dhéanfaidh tú na Socrúcháin Scoile ar fad i rith na gceithre bliana den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht). Gheobhaidh tú deiseanna réimse leathan de thaithí a fháil san earnáil oideachais lán-Ghaeilge, scoileanna Gaeltachta san áireamh. Beidh tú lonnaithe i scoil Ghaeltachta don Ardsocrúchán Scoile. Beidh deiseanna agat Socrúcháin a dhéanamh i scoileanna tuaithe agus i scoileanna uirbeacha, i scoileanna aon ghnéis agus i scoileanna comhoideachais, i scoileanna DEIS, i scoileanna ina bhfuil suíomhanna aon ghrád agus i scoileanna ina bhfuil suíomhanna ilghrád. Don Oideachas Speisialta déanfaidh tú Socrúchán Scoile i suíomh lán-Ghaeilge sa dara bliain.
Gaeltacht
Mar chuid den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) beidh ar gach mac léinn Tréimhsí Foghlama coicíse a dhéanamh sa Ghaeltacht um Cháisc sa Chéad Bhliain agus sa Dara Bliain. Cuirfear deontas ar fáil duit chun costas an chúrsa Gaeltachta a chlúdach chomh maith leis an lóistín agus bia agus aon imeachtaí cultúrtha a eagraítear. Sa Cheathrú Bliain don Ardsocrúchán Scoile (deich seachtaine), beidh mic léinn ag cur fúthu sa Ghaeltacht agus ag obair i scoileanna Gaeltachta. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas taistil agus cothaithe a bhaineann leis sin.
Déan íoslódáil ar Na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht anseo
Déan íoslódáil ar Ábhar Tacaíochta 1 agus Ábhar Tacaíochta 2 do na Tréimhsí sa Ghaeltacht anseo.
Céard iad na roghanna a bheidh agam mar mhúinteoir?
Oireann an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach beidh céimithe i dteideal freisin post a lorg i scoileanna lán-Bhéarla. D’fhéadfadh céimithe obair sna meáin trí mheán na Gaeilge chomh maith.
“Bhí spéis agam i gcónaí sa Ghaeilge agus mar mhúinteoir ba mhaith liom múineadh trí mheán na Gaeilge. Is aoibhinn liom go bhfuil an cúrsa ar fad trí Ghaeilge. Tá sé go hiontach go mbeidh Socrúchán Scoile deich seachtaine á dhéanamh agam sa Ghaeltacht sa Cheathrú Bliain agus go mbeidh an Institiúid ag íoc as.”
Eolas Ginearálta:
Cóid CAO: CM003/CM004 (*do dhaltaí Gaeltachta)
Fad an Chúrsa: 4 bliana lánaimseartha
Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí
An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas
Foras cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath
Íosriachtanais Iontrála don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge 2023/2024:
Ardteistiméireacht
Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6
Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 3 (H5 ar a laghad ach féach íosriachtanais ar leith thíos don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic)
Íosriachtanais O6/H7 i dtrí ábhar eile.
Íosghráid ar Leith:
Gaeilge: H3 (agus TEG*: B1)
Béarla: H7 / O4
Matamaitic: H7 / O4
*TEG(Teastas Eorpach na Gaeilge) Leibhéal B1 (Pas 50%) le bheith ag gach mac léinn. Beidh na scrúduithe seo ar siúl ar an Aoine, an 21 Feabhra & ar an Satharn, an 22 Feabhra 2025. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino an táille TEG ar ais do scoláirí rathúla sna scrúduithe TEG a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Tá iarratais ar scrúdú iomlán TEG B1 oscailte anois agus is féidir cuir isteach ar an scrúdú B1 ar shuíomh TEG
Iarratasóirí Lánfhásta
Caithfidh iarratasóirí lánfhásta iarratas a bheith istigh acu tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 5.15 i.n. ar 1 Feabhra. Caithfidh mac léinn lánfhásta a bheith 23 bliain d’aois nó os a chionn ar 1 Eanáir na bliana ina bhfuil an mac léinn ag iarraidh an cúrsa a thosú. Tabharfar cuireadh d'iarratasóirí a shásaíonn na riachtanais freastal ar agallamh agus ar Scrúdú Cainte sa Ghaeilge. Má tá aon cheisteanna agat faoi iontráil do mhic léinn lánfhásta, cuir ríomhphost chuig [email protected] .