Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Tá ríméad ar Institiúid Oideachais Marino (IOM) a bheith ag comhoibriú lenár gcomhghleacaithe i gColáiste na Tríonóide ar an gclár nua ard-oiliúna do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge.

Cuirfear an clár páirtaimseartha seo, a thosóidh níos déanaí i mbliana, ar fáil ar bhealach solúbtha nuálaíoch chun rannpháirtíocht leathan a chumasú, chun freastal ar mhúinteoirí i róil lánaimseartha agus pháirtaimseartha, chomh maith leo siúd atá lonnaithe ar fud na tíre.

Dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino, an tOllamh Teresa O’Doherty, “Tá lúcháir orm a bheith ag obair as lámh a chéile le Coláiste na Tríonóide ar an gclár nuálach seo atá dírithe ar scileanna na múinteoirí iar-bhunscoile cláraithe sa Ghaeilge a fheabhsú, agus go bhfuilimid ag cur le taithí agus saineolas Institiúid Oideachais Marino i múineadh na Gaeilge agus i dteagasc trí mheán na Gaeilge.”

Dúirt an Dr Claire Dunne, Ceann Roinn na Gaeilge agus Comhordaitheoir an Bhaitsiléara san Oideachas trí Mheán na Gaeilge, “Tá tiomantas láidir ag Institiúid Oideachais Marino do chur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais.

Sa bhliain 2019, tá cuireadh tús le Baitsiléir san Oideachas trí mheán na Gaeilge san IOM agus táimid sásta oibriú lenár gcomhghleacaithe i gColáiste na Tríonóide chun cur leis an dea-obair atá déanta againn sa réimse seo go dtí seo."

Tuilleadh eolais ar fáil anseo:

gov - Clár uasoiliúna nua do mhúinteoirí iar-bhunscoile sa Ghaeilge fógartha ag an Aire Foley (www.gov.ie)

Upskilling-PG