Seoladh Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) - Conair lán- Ghaeilge den chéad uair riamh in Éirinn
Cor cinniúnach in Oideachas na hÉireann
[Baile Átha Cliath, 2 Aibreán] — Ag cur le rath chéim an Baitsiléara san Oideachas trí Mheán na Gaeilge in 2019, is cúis bhróid d’Institiúid Oideachais Marino a fhógairt gur seoladh den chéad uair riamh in Éirinn Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) Conair lán-Ghaeilge.
Cuirfidh an chloch mhíle stairiúil cheannródaíoch oideachais seo conair iarchéime ar fáil d’ábhair oidí ar mian leo a bheith ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge. Is cor cinniúnach atá sa chonair lán-Ghaeilge maidir le cur chun cinn agus forbairt an oideachais lán-Ghaeilge, conair atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta, agus arna creidiúnú ag Coláiste na Tríonóide.
Aithnítear an tábhacht a bhaineann leis an gconair nua seo chun freastal ar an éileamh ar mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, agus tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais go gcuirfear sparánachtaí de €2,000 in aghaidh na bliana (i dtreo tháillí an chúrsa) ar fáil do mhic léinn atá ag tabhairt faoin gConair lán-Ghaeilge. Tá socruithe déanta ag an Roinn ionas gur féidir le COGG na sparánachtaí seo a chur ar fáil do mhic léinn.
Dúirt Uachtaráin Institiúid Oideachais Marino, an tOllamh, Teresa O’ Doherty: “Tá ríméad ar Institiúid Oideachais Marino a bheith ar an gcéad choláiste a chuireann Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil. Táimid ag tabhairt aghaidh ar an éileamh méadaithe atá ann ar mhúinteoirí atá réidh le dul ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus fáiltímid roimh an tacaíocht ón Aonad Gaeltachta sa Roinn Oideachais agus ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), atá ag tairiscint sparánachtaí do mhic léinn ar an gConair lán-Ghaeilge seo”.
Buaicphointí an Chúrsa
- Tumoideachas — Glacfaidh mic léinn páirt i gcuraclam cuimsitheach trí mheán na Gaeilge a chlúdaíonn staidéir ghairmiúla agus na bonnstaidéir, mar shampla, síceolaíocht an oideachais, curaclam agus measúnú, chomh maith le stair, fealsúnacht agus socheolaíocht an oideachais.
- Sainoiliúint sa Tumoideachas — Cuireann an chonair deiseanna ar fáil chun taighde a dhéanamh ar dhúshláin chomhaimseartha agus ar dhea-chleachtais san oideachas lán-Ghaeilge.
- Socrúchán Scoile Cuimsitheach — Gheobhaidh mic léinn taithí phraiticiúil trí shocrúcháin scoile a dhéanamh i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge le linn an dá bhliain den chlár.
- Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht — Chun inniúlacht teanga a fheabhsú, tabharfaidh mic léinn faoi dhá dhian-tréimhse tumtha ar feadh coicíse sa Ghaeltacht, ina dtabharfaidh siad faoi shiollabas ar leith.
- Sainteastais - Tá rogha ag mic léinn Teastas a fháil san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach agus/nó sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Éagsúla Scoile.
- Beidh iarratasóirí rathúla ar an gConair lán-Ghaeilge i dteideal sparánacht €2000 a fháil ó COGG gach bliain den chlár, agus is féidir an sparánacht a úsáid chun na táillí a íoc.
Cé atá in ann cur isteach ar an gConair lán-Ghaeilge?
Tá an chonair seo dírithe ar chéimithe a bhfuil suim mhór acu sa Ghaeilge agus san oideachas lán-Ghaeilge, agus a bhfuil céim Leibhéal 8 (aicmiú II.2 ar a laghad) bainte amach acu. Le cur isteach ar an gConair lán-Ghaeilge, is gá 65% ar laghad a ghnóthú i scrúdú iomlán TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) leibhéal B1, chomh maith le H4 ar a laghad a fháil sa Ghaeilge agus O4/H7 sa Bhéarla agus sa Mhata i dtorthaí na hArdteisitméireachta. Tugann an cúrsa seo deis uathúil dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoin Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas trí mheán na Gaeilge, más ag aistriú díreach ó chúrsa fochéime atá iarrthóirí, nó ag teacht ó chonair ghairme eile atá siad.
*Muna bhfuil cáilíocht TEG B1 bainte amach agat roimhe seo, is féidir clárú do Scrúdú iomlán TEG B1 a bheidh ar súl Dé hAoine 16 Bealtaine & Dé Sathairn 17 Bealtaine 2025. Tá iarratais oscailte anois agus dúnfar iad ag meán lae ar an 23 Aibreán 2025. Caithfear clárú don scrúdú iomlán.
Ag cur le Deiseanna Gairme
Is múinteoirí bunscoile láncháilithe a bheidh i gcéimithe na conaire agus beidh an rogha acu a bheith ag obair i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Ina theannta sin, d’fhéadfadh gairmeacha sa cheannaireacht oideachais, i bhforbairt an churaclaim, san aistriúchán, san oiliúint, san fhoghlaim agus san fhorbairt agus in oideachas múinteoirí a bheith mar thoradh ar dheiseanna breise staidéir sa réimse seo. Is cinnte go mbeidh ról ríthábhachtach ag an gconair shuntasach seo ag tacú le glúin nua de mhúinteoirí paiseanta agus ardoilte a bheith ag obair i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Caoileann Ní Dhonnchadha
Léachtóir le Múineadh na Gaeilge & Stiúrthóir Margaíochta don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge
Fón: +35318535196
Ríomhphost: [email protected]
Ireland’s First Ever Professional Master of Education (Primary Teaching) Through Irish Pathway Launched
A Landmark in Irish Education
[Dublin, 2 April] – Building on the success of its Bachelor of Education through the medium of Irish in 2019, Marino Institute of Education is proud to announce the launch of Ireland’s first-ever Professional Master of Education (Primary Teaching) Irish-medium Pathway.
This historic, pioneering educational milestone will provide a postgraduate pathway for aspiring primary teachers who wish to teach in Gaeltacht and Irish-medium schools (scoileanna lán-Ghaeilge). Recognised by the Teaching Council, and accredited by Trinity College Dublin, this masters marks a significant step forward in the promotion and development of Irish-medium education.
Recognising the importance of this new pathway to meet the demand for teachers in Gaeltacht and Irish-medium schools, the Department of Education has announced that bursaries of €2,000 per year (towards course fees) will be provided to students undertaking the Irish-medium Pathway. The Department has made arrangements so that COGG can provide these bursaries to students.
The President of Marino Institute of Education, Professor Teresa O' Doherty remarked, “MIE is delighted to be the first college to offer the Professional Master of Education pathway through the medium of Irish. We are responding to the growing demand for teachers prepared to teach in Gaeltacht and Irish-medium schools, and we welcome the support of the Aonad Gaeltachta in the Department of Education and COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), who are offering bursaries to students on this Irish-medium Pathway”.
Course Highlights
- Immersion in Irish-Language Education – Students will engage in a comprehensive curriculum, through the medium of Irish including professional studies and foundation studies, e.g. educational psychology, curriculum and assessment, and the history, philosophy, and sociology of education.
- Specialist Training in Immersion Education – The pathway includes research opportunities in contemporary challenges and best practices in Irish-medium education.
- Extensive School Placement – Students will gain hands-on experience through school placements in Gaeltacht and Irish-medium schools during both years of the programme.
- Gaeltacht Learning Period – To enhance language proficiency, students will undertake two intensive two-week immersion periods in the Gaeltacht, and engage in a bespoke language syllabus.
- Specialist Certifications – Students have the option to obtain a Certificate in Catholic Religious Education and/or Multi-Belief and Ethical Curricula in Diverse School Contexts.
- Successful applicants to the Irish-medium Pathway will receive a €2000 bursary from COGG each year of the two-year programme, which will be used towards course fees.
Who Can Apply?
This pathway is designed for graduates who have a strong interest in the Irish language and Irish-medium education and hold an honours Level 8 degree (minimum II.2 classification). In order to register, a minimum grade of 65%/ B1 must be achieved in the Full TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) language examination, as well as a minimum of a H4 in Gaeilge and O4/H7 in English and Maths Leaving Certificate results. Whether transitioning directly from an undergraduate course or entering from another career path, this course offers a unique opportunity to undertake the Professional Master of Education through the medium of Irish.
*If applicants do not have TEG B1 certification completed, they can register to sit the full TEG B1 Exam on TEG Examinations on Friday, 16 & Saturday, 17 May 2025. Applications are now open and close at midday on 23 April 2025. Applicants must register for the full exam.
Expanding Career Opportunities
Graduates will be fully qualified primary school teachers with the option to work in Gaeltacht and Irish-medium schools. Additionally, further study opportunities can lead to careers in educational leadership, curriculum development, translation, diplomacy, educational training, learning & development and teacher education. This landmark pathway will undoubtedly play a vital role in supporting a new generation of passionate and highly-skilled teachers to work in Gaeltacht and Irish-medium schools.
For more information please contact:
Caoileann Ní Dhonnchadha,
Léachtóir le Múineadh na Gaeilge & Stiúrthóir Margaíochta don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge
Fón: +35318535196
Ríomhphost: [email protected]