Press Release 27.8.25

Congratulations to all students receiving their offers of places at MIE. This year we are delighted that we can offer an additional 30 places on our B.Ed programme in response to a request from the Department of Education and Youth to create more places on teacher education programmes to help address the acute shortage of teachers in primary classrooms. This increase in student places has meant that CAO points for the B.Ed programme have remained at 473; however, because of random selection only some applicants on 473 points will be offered a place. Our numbers on the B.Oideachas (B.Ed through the medium of Irish) have remained steady at 30 places and the points for this programme have fallen slightly to 502. We are delighted that our points in Early Childhood have strengthened reflecting an increased demand amongst students who want to engage in this sector of the education system. Points on our Education Studies programme have remained steady and we are offering a small number of additional places on this course. For all those who were offered places at MIE, the Admissions Office will be in touch with you in relation to the Student Orientation Week which will be held in the week of 8 September. We look forward to welcoming you all to campus.


Preasráiteas 27.8.25

Comhghairdeas le gach dalta a fuair tairiscintí ar áiteanna in Institiúid Oideachais Marino. Tá an-áthas orainn i mbliana gur féidir linn 30 áit bhreise a thairiscint ar ár gclár B.Ed mar fhreagra ar iarratas ón Roinn Oideachais níos mó áiteanna a chruthú ar chláir oideachais múinteoirí, chun dul i ngleic leis an ngéarghanntanas múinteoirí i seomraí ranga bunscoile. Ciallaíonn an méadú seo in áiteanna do mhic léinn go bhfuil na pointí don chlár B.Ed fós ar 473 pointe; bíodh sin mar ata, ní thairgfear áit ach do roinnt iarratasóirí ar 473 pointe mar gheall ar roghnú randamach. Maidir leis an B.Oid Trí Mheán na Gaeilge, níl againn ach 30 áit ar fáil arís i mbliana, agus thit na pointí beagáinín don chlár seo go 502 pointe. Tá lúcháir orainn go bhfuil ár bpointí don Bhaitsiléir Eolaíochta san Oideachas Luath-Óige agus don Bhaitsiléir Eolaíochta i Léann an Oideachais ag dul ó neart go neart, ag mealladh mac léinn ar mian leo páirt a ghlacadh in earnálacha eile den chóras oideachais.
Dóibh siúd atá ag glacadh lena n-áiteanna in IOM, beidh an Oifig Iontrála i dteagmháil leat maidir le Seachtain Ionduchtaithe na Mac Léinn a bheidh ar siúl an tseachtain dar tús an 8 Meán Fómhair. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh go léir chun an champais.