An Teastas Oideachais Aosaigh sa Spioradáltacht agus san Fhorbairt Dhaonna
Is clár oíche páirtaimseartha dhá bhliain é an Teastas Oideachais Aosaigh sa Spioradáltacht agus san Fhorbairt Dhaonna a reáchtálann Institiúid Oideachais Marino. Bíonn an clár ar siúl san oíche ar an Máirt ó 7.00–9.30 i.n. le sos tae/caife 30 nóiméad, agus bíonn trí nó ceithre cheardlann ar an Satharn gach bliain ó10.00 r.n.–4.00 i.n. Faigheann mic léinn blaiseadh ar thrí mhodúl déag gach bliain a bhaineann le buncheisteanna na forbartha daonna agus spioradálta. Snoitear ábhar an chúrsa le chéile trí mheascán d’ionchur ó léachtóirí oilte, trí dhialanna a choinneáil agus trí dhíospóireacht ghrúpa. Is féidir le rannpháirtithe an cúrsa a dhéanamh ar bhonn bliana murar féidir leo cúrsa dhá bhliain a dhéanamh. Bronnfar Teastas Oideachas Aosaigh sa Spioradáltacht agus san Fhorbairt Dhaonna ar gach mac léinn a éiríonn leo sa dá bhliain den chúrsa.

Modúil
Is ionann modúl agus cúrsa gearr de cheithre nó de chúig uair an chloig. Clúdaítear dhá mhodúl gach oíche idir 7.00–9.30 in. Bíonn na ceardlanna ar an Satharn ar siúl ó 10rn - 4in.
Tabhair faoi deara go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar na modúil thíos
Modúil dé Máirt i mBliain a hAon
| Ábhair | Léachtóirí |
| Buneolas ar an Spioradáltacht | Sally Hyland |
| Fás Spioradálta agus Forbairt Dhaonna | Denis Robinson |
| Buneolas ar an Sean-Tiomna | Seán Goan |
| Lectio Divina | Mary Gao |
| Buneolas ar an Tiomna Nua | Seán Goan |
| Brionglóidí agus Forbairt Spioradálta | Paddy Greene |
| Comhtháthú Pearsanta Cruthaitheach | Eileen O’Brien |
| Cad a Mhúin Íosa i nDáiríre? | David Halpin |
| Léargas ar an Spioradáltacht Shóisialta | Peter McVerry |
| Cén Baint atá ag an nGrá leis? | Denis Robinson |
| I dTreo Spioradáltacht na Fulaingthe | Seán Goan |
Modúil dé Máirt i mBliain a Dó
| Ábhair | Léachtóirí |
| Spioradáltacht an Mhaithiúnais | Denis Robinson |
| Léirgeas ar an nDiagaire | Sally Hyland |
| Na hEalaíona Bíobalta agus an Spioradáltacht | Amanda Dillon |
| An Sean-Tiomna a Léamh | Seán Goan |
| Ealaín agus an Spioradáltacht | Brian Dooney |
| Traidisiún Machnamhach na Críostiachta | Mary Gao |
| Ceird an Bhreithiúnais | Eileen O’ Brien |
| Críost i Lár an Scrioptúir | Seán Goan |
| Mary Oliver i gComhrá le Rumi: Filíocht Mhisteach an Lae Inniu | Bernadette Purcell |
| Na Mistigh: Ó Chroí go Croí | Denis Robinson |
Ceardlanna dé Sathairn sa Chéad agus sa Dara Bliain (10rn-4in)
| Ábhair | Léachtóirí |
| Gluaiseacht an Spioraid a fhiosrú trí scannáin | Conall O’Cuinn |
| Cosmeolaíocht, Éiceolaíocht agus an Duine | Niamh Brennan |
| Damhsa i Rithim Dé | Bernadette Purcell |
| Spioradáltacht Cheilteach | David Halpin |
| Iniúchadah a dhéanamh ar Íomhánna Dé | Eileen O'Brien |
| Leigheas ó Ghlúin go Glúin | Jim Cogley |
| Comhtháthú Dheireadh na Bliana | Mary Gao |
Cé dó an Clár?
Beidh an clár seo ina ábhar spéise dóibh siúd ar mian leo ná nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Tuiscint a fháil air/uirthi féin, ar fhorbairt dhaonna agus ar an spioradáltacht.
- Plé le brí agus cuspóir na beatha.
- Feasacht agus cumas machnaimh níos mó a fhorbairt.
- Acmhainn iontais agus bhuíochais maidir leis an ngnáth-thaithí saoil a chothú
- Spreagadh agus dúshláin a fháil ón smaointeoireacht chomhaimseartha sa spioradáltacht agus san fhorbairt dhaonna.
- Páirt a ghlacadh sa spreagadh agus sa chomrádaíocht a bhaineann le grúpa atá sa tóir ar an eolas céanna.

Aidhmeanna an Chláir:
- Léargas ginearálta ar shaincheisteanna daonna agus spioradálta comhaimseartha a thabhairt do mhic léinn.
- Scileanna machnaimh agus breithiúnais ó thaobh taithí saoil de a fhorbairt.
- Traidisiún na Críostaíochta agus mar a bhaineann sé le saincheisteanna na linne a phlé.
- Fóram plé agus díospóireachta a chur ar fáil don ghrúpa ranga.
Riachtanais an Chláir
Is iad réamhriachtanais an chúrsa ná freastal, rannpháirtíocht agus machnamh. Snoitear ábhar an chúrsa le chéile trí dhíospóireacht ghrúpa agus trí mhachnamh. Cuirfidh an caidreamh agus an chomhroinnt le daoine eile le saol na rannpháirtithe. Is é ceann de na gnéithe is tarraingtí den chlár seo ná an deis fáis agus forbartha a bhaineann leis.
Na critéir i dtaca leis an Teastas Oideachais Aosaigh sa Spioradáltacht agus san Fhorbairt Dhaonna a bhronnadh
Freastal: Ní mór freastal ar 70% ar a laghad den chúrsa gach bliain.
Obair Scríofa: Ní mór seacht script fhéinmhachnamhacha ghearra a chur isteach gach bliain. An aidhm atá leis na scripteanna seo ná ligean do mhic léinn machnamh a dhéanamh ar obair an chúrsa agus éascú a dhéanamh ar an bhforbairt phearsanta. Ní bheidh aon scrúduithe le déanamh.
Iarratais: Is féidir le duine ar bith iarratas a chur isteach ar an gclár seo, is cuma cén cúlra oideachais atá acu. Tabharfar cuireadh chuig agallamh foirmiúil do na hiarratasóirí chun an clár agus a bhfuil siad ag súil leis a phlé. Ní mór iarratas a chur chuig Mary Gao, Comhordaitheoir an Chláir. Moltar iarratais a chur isteach go luath ach féadfar iarratais dhéanacha a mheas.
Costas: Is é €750 in aghaidh na bliana an táille ar an gcúrsa (thart ar €10 san uair). Na táillí le híoc: €100 don iarratas (neamh-inaisíoctha), €325 faoin gclárú agus an fuílleach le híoc faoin 28 Feabhra. Tá an costas don turas go Gleann dá Locha san áireamh. Beidh tae/caife agus brioscaí ar fáil saor in aisce idir na ranganna oíche Mháirt agus ag na ceardlanna ar an Satharn.
Iompar Poiblí agus Páirceáil: Is féidir teacht chuig Institiúid Oideachais Marino sa charr nó ar an mbus. Stopann bus 73, ó Ché Aston, taobh amuigh de na geataí tosaigh. Tá nasc díreach idir an Institiúid agus Stáisiún Chluain Tarbh leis an N2, agus freisin leis an Luas ag Droichead Broome agus nascanna traenach eile ag Stáisiún Heuston. Tá saoráidí páirceála saor in aisce mar aon le seid do rothair ar an bhfearann.
Ráitis ó Mhic Léinn:
"I would highly recommend this most eye-opening, challenging and positive course."
"A portal of knowledge, inspiration, anticipation and joy has been opened, and in its opening, been gifted to me."
I really loved the two years. The course has changed my life in so many ways. I now stop, look and listen and ponder-on day to day issues within my life."
I am left with a profound gratitude for the learning, for the widening and expansion in my thinking about spirituality in the Christian tradition, for access to the unknowable, to mystery, and the pathways of mystics, poets and artists."
"Enlightening… brilliant… enriching… life changing."
Fiosrúcháin

Mary Gao
Comhordaitheoir an Chláir
An Teastas Oideachais Aosaigh sa Spioradáltacht agus san Fhorbairt Dhaonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9
Teil: 087 450 8549
Ríomhphost: [email protected]
Nó
Oifig Iontrálacha
Ríomhphost: [email protected]