An Oifig Iontrála agus Oifig an Chláraitheora

Glacann Oifig an Chláraitheora freagracht as d’eispéireas ón uair a dhéanann tú teagmháil leis an gColáiste go dtí go mbronnfar céim ort. Mar sin, tá iontráil, clárú, scrúduithe, torthaí scrúduithe agus bronnadh, chomh maith le cúnamh cóiríochta agus rochtana, faoi chúram na hOifige.

Tá tuilleadh eolais ar na cúrsaí ar fáil ag na naisc thíos:

Cláir Fochéime IOM

Cláir Iarchéime IOM

Cláir Forbartha Gairmiúla Leanúnaí IOM

 

Iarratasóirí Fochéime Lánfhásta

Ní mór d’iarratasóirí lánfhásta iarratas a chur isteach chuig an Lár-Oifig Iontrála, nó CAO mar is fearr aithne air sa Bhéarla, faoin 1 Feabhra le haghaidh aon cheann de na cláir. Déan teagmháil dhíreach le IOM maidir le háiteanna a bheith ar fáil go déanach ar an mBaitsiléir Eolaíochta (Léann Oideachais) agus ar an mBaitsiléir Eolaíochta (Oideachas Luath-Óige).

 

Iarratasóirí Idirnáisiúnta

Ní mór d'iarratasóirí idirnáisiúnta teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Iontrálacha ag [email protected] agus an clár a bhfuil suim acu ann a lua. Tabharfaidh an tOifigeach Iontrálacha soiléiriú ar an bpróiseas iarratais agus na riachtanais iontrála.

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh go dtí an rannán d'iarratasóirí idirnáisiúnta ar an suíomh.

 

 

Deontais/Scoláireachtaí

Cuireann na hÚdaráis Áitiúla deontais ar fáil do na mic léinn a chomhlíonann riachtanais na Scéime Deontas Ardoideachais. Baineann na deontais sin leis an mBaitsiléir san Oideachas (B. Oid.), leis an mBaitsiléir Eolaíochta sa Léann Oideachais (B. Eol.) agus leis an Ard-Dioplóma san Oideachas (Bunmhúinteoiracht). Tá sonraí na ndeontas agus na gcoinníollacha incháilitheachta ar fáil ó Thacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn, nó SUSI mar is fearr aithne air sa Bhéarla, agus ó www.studentfinance.ie nó, i gcás mic léinn atá ag leanúint ar aghaidh, ón Údarás Áitiúil sa cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóir.

Bíonn Scoláireachtaí Gaeltachta agus Cuimhneacháin bunaithe ar thorthaí Scrúdú na hArdteistiméireachta. Glacann Institiúid Oideachais Marino leo siúd chomh maith le Scoláireachtaí Gaeilge Tríú-Leibhéal.

 

Foireann Oifig an Chláraitheora