Baitsiléir san Eolaíocht (Oideachas Luath-Óige )
Eolas Ginearálta
Cód CAO
CM020
Pointí Iontrála CAO
Pointí 2025: 346 pointe
Pointí 2024: 336 pointe
Leibhéal Gradaim de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí
Leibhéal 8
Foras Cáiliúcháin
Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath
ECTS
240 ECTS
Fad an Chúrsa
4 bliana lánaimseartha
Modh Seachadta
Ar an gcampas
Riachtanas Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána
Tá
Eolas faoi Shocrúchán ar an gClár
3 seachtaine i mbliain 1, seimeastar 2
3 seachtaine i mbliain 2, seimeastar 2
3 seachtaine i mbliain 3, seimeastar 2
9 seachtaine i mbliain 4, seimeastar 2
Creidiúnú Gairmiúil
Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais
Céad Dáta Tosaithe Eile
Meán Fómhair 2026
Incháilithe do Thionscnamh na dTáillí Saor in Aisce
Níl
Tabhair faoi deara: Cúrsaí féinmhaoinithe iad na Cúrsaí Baitsiléara IOM san Eolaíocht agus ní cháilíonn siad don Tionscnaimh Saor ó Tháillí. Tá costas €3,000 ar tháillí teagaisc 2025-2026 do na mic léinn ar na cúrsaí Baitsiléara san Eolaíocht tráth a foilsíodh an leathanach seo. Ní hionann na táillí sin agus gnáththáille ranníochaíochta an mhic léinn. Gabh i dteagmháil leis an Instititiúid go díreach chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na táillí do chúrsaí 2026-2027.
Eolas d'aon mhac léinn ar na cúrsaí Baitsiléara san Eolaíocht ag fáil deontas SUSI táillí theagaisc amháin (.i. áit nach bhfuil gné cothabhála le híoc le mic léinn): bígí ar an eolas go gcuirfidh SUSI 50% amháin de chostas táillí teagaisc do na mic léinn seo agus go mbeidh ar mhic léinn an chuid eile de na táillí a íoc. Sa bhliain 2025-26 €1,500 a bhí ar an chuid seo san iomlán.
Faoi láthair cuireann SUSI 100% de chostas táillí teagaisc d'aon mhac léinn ag fáil deontas SUSI ina n-áirítear íocaíocht chothabhála don mhac léinn.
Forléargas ar an gClár
Tá tionchar ollmhór ag an gcaighdeán oideachais agus cúraim a fhaigheann páistí i luathbhlianta an tsaoil ar an oideachas agus áthas a leanann é. Ar mhaithe le cur leis an soláthar cúrsaí d’oiliúnú cleachtóirí luath-óige, is cúis áthais d’Institiúid Oideacais Marino an chéim nua leibhéal 8 a chur ar fáil, céim a dtugann Coláiste na Tríonóide creidiúnú dó. Reachtáiltear an cúrsa ar bhonn solúbtha, rud a mheallfaidh daoine ar mhaith leo obair sa ghort seo agus daoine a bhfuil fostaíocht acu ann cheana féin ann.
Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?
Déanfaidh mic léinn staidéar ar réimse cúrsaí le cabhrú leo éirí ina gcleachtóirí eolasacha, tiomnaithe luath-óige . I measc na gcúrsaí seo tá, síceolaíocht an linbh, spraoi, an teanga agus litearthacht, foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán, cúram agus cosaint leanaí, na healaíona agus na luathbhlianta. Foghlaimeoidh tú faoi oideachasóirí a raibh tionchar acu ar pháistí óga, amhail Montessori, Froebel agus Vygotsky. Foghlaimeoidh tú faoin gclár Aistear agus tabharfaidh tú faoi shocrúcháin i réimse socrúcháin luath-óige.
Bliain 1 - Seimeastar 1
- Peirsciptíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Dearcthaí agus Spraoi (10 ECTS)
- Socrúchán sa Réimse (5 ECTS)
- Litearthachtaí sa Luath-Óige: Sealbhú Teanga (5 ECTS)
- Oideolaíocht Oiliúnach: Scileanna sa Luath-Óige (5 ECTS)
- Na Céadfaí á Múscailt: Cruthaitheacht agus na hAmharcealaíona
Bliain 1 - Seimeastar 2
- Síceolaíocht agus Forás an Linbh (10 ECTS)
- An Beartas agus Cleachtas is fearr ar Bhonn Idirnáisiúnta san Oideachas Luath-Óige (5 ECTS)
- Scileanna Gluaiseachta a Fhorbairt trí Ghníomhaíochtaí agus Spraoi (5 ECTS)
- Bonnstaidéar sna riachtanais Oideachas Speisialta san Oideachas Luath-Óige (5 ECTS)
- Cúrsa Roghnach (5 ECTS)
Bliain 2 - Seimeastar 1
- Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Múnlaí Curaclaim agus Measúnachta (10 ECTS)
- Luathfheasacht Matamaitice (5 ECTS)
- Oideachas Luath-Óige: Polasaí agus Cleachtas in Éirinn (5 ECTS)
- Folláine agus Oideachas Sláinte sa Luath-Óige (5 ECTS)
- Socrúchán sa Réimse (5 ECTS)
Bliain 2 - Seimeastar 2
- An Óige a Thuiscint i gComhthéacs (10 ECTS)
- Riachtanais Speisialta Oideachas (5 ECTS)
- Ceol, Drámaíocht agus na hEalaíona Comhtháite (5 ECTS)
- Ionchuimsitheacht agus Éagsúlacht Chultúrtha sna Luath-Óige (5 ECTS)
- Cúrsa Roghnach (5 ECTS)
Bliain 3 - Seimeastar 1
- Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Idirghníomhuithe agus Caidrimh (10 ECTS)
- Ionchuimsitheacht agus Cultúr: Féiniúlacht agus an Féin (5 ECTS)
- Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe & Cúram Imshaoil (5 ECTS)
- Socrúchán sa Réimse (5 ECTS)
- Luathlitearthachtaí (5 ECTS)
Bliain 3 - Seimeastar 2
- Constráidí na hÓige (10 ECTS)
- Tírdhreach Inmheánach an Pháiste (5 ECTS)
- An Comhthéacs Dlíthiúil don Oideachas Luath-Óige (5 ECTS)
- Togra Taighde (5 ECTS)
- Cúrsa Roghnach (5 ECTS)
Bliain 4 - Seimeastar 1
- Tráchtas (20 ECTS)
- Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Foghlaim trí Shúgradh 1 (5 ECTS)
- Foghlaim Eagraíochtúla agus Scileanna 1 (5 ECTS)
Bliain 4 - Seimeastar 2
- Socrúchán sa Réimse (20 ECTS)
- Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Foghlaim trí Shúgradh 2 (5 ECTS)
- Foghlaim Eagraíochtúla agus Scileanna 2 (5 ECTS)
Cúrsaí Roghnacha (5 ECTS) i mbliain 1, 2 agus 3
Tabhair faoi deara: Ní chuirfear gach modúl roghnach ar fáil gach bliain
- Cothú agus Bia Sláintiúil
- Bainisteroireacht Airgeadais san Oideachas
- Oideachas Luath-Óige trí mheán na Gaeilge
- Ceannaireacht: Teoiric agus Cleachtas
- Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha san Oideachas Luath-Óige
- Cumarsáid don Oideachas
- Oideachas Iomlánaíoch i suíomhanna Luath-Óige
- Cur Chuige Cearta-Bhunaithe i leith na Luath-Óige
Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?
Beidh na scileanna agus an cumas ag céimithe an chláir seo obair i réimse socrúcháin luath-óige.
Céard iad na roghanna eile staidéir atá ar fáil dom tar éis an clár seo?
Is féidir le céimithe an chláir ag leibhéal 8 leanúint ar aghaidh agus tuilleadh staidéir a dhéanamh ag leibhéal máistreachta san oideachas nó san oideachas luath-óige. Is féidir leo freisin iarratas a chur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), in Institiúid Oideachais Marino nó in áit eile.

Íosriachtanais Iontrála
Riachtanais Ardteistiméireachta
Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta
6
Íosmhéid ábhair ardleibhéil
2 (íosghráid H5)
Íosghráid in ábhair eile
H7/O6 i gceithre ábhar
Íosghráid sa Mhatamaitic
H7/O6
Íosghráid sa Bhéarla
H7/O6
Íosghráid sa Ghaeilge
N/A
Íosghráid i dteanga eile (is féidir an Ghaeilge nó teanga eile a úsáid)
H7/O6
Íosriachtanais CAO
315 pointí
Riachtanais QQI
Glacfar le hiarratais ó mhic léinn a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha QQI (Leibhéal 5 agus Leibhéal 6) le pas le gradam i gcúig mhodúl ar a laghad, ar bhonn iomaíoch ar an gclár seo.
Liosta de na gradaim QQI a ghlacfar leo.
Uasiontráil
Is féidir le mic léinn a bhain bliain nó níos mó amach i gcúrsa comhchosúil ag leibhéal céime cur isteach ar uasiontráil ar an gclár B.Eol. (Oideachas Luath-Óige). Tá líon teoranta áiteanna ar fáil agus ní mór d’iarratasóirí íosriachtanais uile an chláir a shásamh, chomh maith le tabhairt faoi agallamh. Déan teagmháil le [email protected] chun tuilleadh eolais a fháil.
Iarratasóirí Lánfhásta
Caithfidh iarratasóirí lánfhasta iarratais a bheith istigh acu tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 5.15 i.n. ar an 1 Feabhra. Caithfidh mac léinn lánfhásta a bheith 23 bliain d’aois nó os a chionn ar 1 Eanáir na bliana ina bhfuil an mac léinn ag iarraidh an cúrsa a thosú. Osclaíonn na hiarratais d'iarratasóirí déanach ar an 5 Márta agus dúnann siad ar an 1 Bealtaine ag 5.15 i.n.
I lár mhí an Mhárta, cuirfidh Oifig Iontrálacha IOM ríomhphost chuig iarratasóirí lánfhásta. Aon iarratasóir atá ag iarraidh go ndéanfar measúnú ar a (h)iarratas mar iarratasóir lánfhasta, iarrfar air/uirthi “Foirm Iarratais Fhorlíontach” a chomhlíonadh agus a sheoladh isteach. Is é an spriocdháta le foirmeacha iarratas a bheith ar ais ná an 31 Márta. Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí a shásaíonn na riachtanais freastal ar agallamh mhic léinn lánfhásta. Tabhair faoi deara nach mór d'iarratasóirí na bunriachtanais a shásamh ar an gcúrsa CM020 le gur féidir tairiscint a dhéanamh dóibh.

