Scéim Aisíoctha Táillí
Níl IOM i mbun an riaracháin don Scéimh Aisíoctha Táillí a thuilleadh.
Tá an scéim 2020/2021 dúnta anois. Is féidir eolas faoin scéim don bhliain 2021/2022 a fháil ó Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir in Eanáir 2023 ríomhphost: [email protected]
Tá sé mar chuspóir leis an Scéim Aisíoctha Táillí Múinteoirí (“An Scéim”) cistiú a sholáthar le haghaidh an costas a bhaineann le rannpháirtíocht i gcúrsaí agus táillí scrúdaithe a chumhdach ar chúrsaí foghlama gairmiúla a chur i gcrích go rathúil. Tá an cistiú ar fáil do chúrsaí atá ábhartha go díreach do scoileanna, agus a théann chun tairbhe dóibh go díreach, agus atá faoi réir deimhniú/dámhachtain ag údarás creidiúnúcháin cuí atá aitheanta ag an Roinn Oideachais. Cuirfear sonraí ar fáil maidir le conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Aisíoctha Táillí Múinteoirí 2022 (cúrsaí/codanna cúrsaí críochnaithe idir an tréimhse 01/09/21 go 31/08/22) sa chiorclán bhliantúil in Eanáir 2023.
Sna blianta roimhe sin, riar Institiúid Oideachais Marino (IOM) an Scéim ar son na Roinne. Ó 1 Nollaig 2022, beidh Ionad Tacaíocht Oideachais an Chláir (“Clare ESC”) i gceannas ar riarachán na scéime in ionad IOM. Mar sin, as seo amach, ba cheart aon cheisteanna agus aon teagmháil maidir leis an Scéim a chur chuig ESC an Chláir leis na sonraí teagmhála thíos:
- Ríomhphost: [email protected]
- Teil: (065) 6845500
- Seoladh: An Riarthóir, An Scéim Aisíoctha Táillí Múinteoirí, Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir, Tithe an Rialtais, Bóthar Chill Rois, Inis, Co. an Chláir. V95 F782
- Suíomh: www.clareed.ie