Fáilte chuig campas IOM

Oibrímid go dian chun campas teolaí cairdiúil a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt dár mic léinn ina gcuid staidéir agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Tá áiseanna iontacha nua-aimseartha ar an gcampas a chinnteoidh go mbeidh eispéireas taitneamhach tacúil ag mic léinn in IOM.

Ar an gcampas álainn tá lóistín nua-athchóirithe, tailte áille agus páirceanna allamuigh, spórtlann nua-aimseartha, roinnt saotharlanna ríomhairí, seomra luath-oideachais saindeartha, seomra ealaíne saindeartha, leabharlann nua-aimseartha agus bialann agus caifé iontach a fhreastalóidh ar chách.

Creidimid i dtimpeallacht iomlánaíoch a chur ar fáil a chuireann leis na háiseanna is nua-aimseartha is féidir chun eispéireas oideachasúil tríú leibhéal ildánach as cuimse a thabhairt dár mic léinn.