Teicneolaíocht in IOM
Tá rochtain ag mic léinn ar Moodle [timpeallacht fhíorúil foghlama]; ríomhphost Outlook [tríhaip atá ar fáil ar fhóin chliste] agus spás OneDrive, fad is atá siad ag staidéar in MIE.
Ba cheart gach fiosrúchán teicneolaíochta faisnéise (TF) a chur chuig Deasc Chabhrach MIE ar dtús – beidh tosaíocht ag na fiosrúcháin seo.
Tá roinnt saotharlann ríomhairí in MIE ina bhfuil trealamh den chéad scoth:
Tá an phríomhshaotharlann ríomhairí pearsanta in M13, gar d’Aontas na Mac Léinn, agus is inti sin a reáchtáiltear formhór na ranganna Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha.
Tá saotharlann ríomhairí pearsanta eile in M15 (a thugtar an ‘MAC Lab’ air), ina bhfuil 18 meaisín, agus baintear úsáid aisti do ghrúpaí beaga.
Tá meaisíní sa Leabharlann a bhíonn ar fáil do mhic léinn freisin.
An Fhoireann TF:
Alison Egan, Stiúrthóir, Ríomhfhoghlaim & Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide
Martin Lynch, Bainisteoir TF
Patrick Geary, Innealtóir TF
Andy Carroll, Innealtóir TF
Shane Regan, Oifigeach Dhearadh Teagaisc