Baitsiléir san Eolaíocht (Oideachas Luath-Óige )
Cód CAO: CM020
Pointí Iontrála CAO 2024: 336 pointí
Pointí Iontrála CAO 2023: 316 pointí
Cad é an B.Eol. san Oideachas Luath-Óige ?
Tá tionchar ollmhór ag an gcaighdeán oideachais agus cúraim a fhaigheann páistí i luathbhlianta an tsaoil ar an oideachas agus áthas a leanann é. Ar mhaithe le cur leis an soláthar cúrsaí d’oiliúnú cleachtóirí luath-óige, is cúis áthais d’Institiúid Oideacais Marino an chéim nua leibhéal 8 a chur ar fáil, céim a dtugann Coláiste na Tríonóide creidiúnú dó. Reachtáiltear an cúrsa ar bhonn solúbtha, rud a mheallfaidh daoine ar mhaith leo obair sa ghort seo agus daoine a bhfuil fostaíocht acu ann cheana féin ann.
Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?
Déanfaidh mic léinn staidéar ar réimse cúrsaí le cabhrú leo éirí ina gcleachtóirí eolasacha, tiomnaithe luath-óige . I measc na gcúrsaí seo tá, síceolaíocht an linbh, spraoi, an teanga agus litearthacht, foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán, cúram agus cosaint leanaí, na healaíona agus na luathbhlianta. Foghlaimeoidh tú faoi oideachasóirí a raibh tionchar acu ar pháistí óga, amhail Montessori, Froebel agus Vygotsky. Foghlaimeoidh tú faoin gclár Aistear agus tabharfaidh tú faoi shocrúcháin i réimse socrúcháin luath-óige.
Cén chaoi a ndéanfaidh mé staidéar?
Is cuid lárnach den chéim í solúbthacht an tsoláthair. Cé go gcuirtear gach bliain ar fáil ar bhonn lánaimseartha, cuirfear ranga – ar líne agus sa seomra ranga – ar fáil ag amanna cuí chun freastal a dhéanamh ar réimse leathan mac léinn. I measc na mac léinn seo beidh daoine a bhfuil an Ardteistiméireacht nó cáilíochtaí FETAC bainte amach acu, agus daoine atá ar fostaíocht san earnáil luathoideachais faoi láthair.
Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?
Beidh na scileanna agus an cumas ag céimithe an chláir seo obair i réimse socrúcháin luath-óige.
Cad iad na roghanna eile atá agam?
Is féidir le céimithe an chláir ag leibhéal 8 leanúint ar aghaidh agus tuilleadh staidéir a dhéanamh ag leibhéal máistreachta san oideachas nó san oideachas luath-óige. Is féidir leo freisin iarratas a chur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), in Institiúid Oideachais Marino nó in áit eile.
LIOSTA NA MODÚL
BLIAIN 1
- Síceolaíocht agus Forás an Linbh
- Peirsciptíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Dearcthaí agus Spraoi
- An Cleachtas is fearr ar bhonn idirnáisiúnta san Oideachas Luath-Óige
- Scileanna Gluaiseachta a Fhorbairt trí Ghníomhaíochtaí agus Spraoi
- Na Céadfaí á Múscailt: Cruthaitheacht agus na hAmharcealaíona
- Bonnstaidéar sna riachtanais Oideachas Speisialta san Oideachas Luath-Óige
- Litearthachtaí sna Luathbhlianta: Sealbhú Teanga
- Modúl Roghnach *
BLIAIN 2
- An Óige a Thuiscint i gComhthéacs
- Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Múnlaí Curaclaim agus Measúnachta
- Oideachas Luath-Óige: Polasaí agus Cleachtas in Éirinn
- Folláine agus Oideachas Sláinte sa Luath-Óige
- Foghlaim bunaithe ar Fhiosrúchán agus Cúram Imshaoil
- Aghaidh a Thabhairt ar Mhíchothrom san Oideachas Luath-Óige
- Luathfheasacht Matamaitice
- Modúl Roghnach*
BLIAIN 3
- Constráidí na hÓige
- Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Idirghníomhuithe agus Caidrimh
- An Comhthéacs Dlíthiúil don Oideachas Luath-Óige
- Tírdhreach Inmheánach an Pháiste
- Ceol, Drámaíocht agus na hEalaíona Comhtháite
- Éagsúlacht Chultúrtha agus an Timpeallacht Luathbhlianta
- Luathlitearthachtaí
- Modúl Roghnach*
BLIAIN 4
- Forbairt Ghairmiúiil: An Teoiric a chur i bhfeidhm ar an gCleachtas
- Socrúchán sa Réimse
- Modhanna Taighde agus Miontráchtas
*Roghnaítear modúil roghnacha amháin ón liosta thíos:
- Cumarsáid don Oideachas
- Bainisteroireacht Airgeadais san Oideachas
- Oideachas Luath-Óige trí mheán na Gaeilge
- Ceannaireacht: Teoiric agus Cleachtas
- Cothú agus Bia Sláintiúil
- Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha san Oideachas Luath-Óige
TABHAIR FAOI DEARA: Ní chuirtear gach modúl roghnach ar fáil gach bliain
Eolas Ginearálta
Cód CAO: CM020
Fad: 4 bliana lánaimseartha
Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí
An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas
Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Tabhair faoi deara: Cúrsaí féinmhaoinithe iad na Cúrsaí Baitsiléara IOM san Eolaíocht agus ní cháilíonn siad don Tionscnaimh Saor ó Tháillí. Tá costas €3,000 ar tháillí teagaisc 2023/2024 do na mic léinn ar na cúrsaí Baitsiléara san Eolaíocht tráth a foilsíodh an leathanach seo. Ní hionann na táillí sin agus gnáththáille ranníochaíochta an mhic léinn. Gabh i dteagmháil leis an Instititiúid go díreach chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na táillí do chúrsaí 2024-2025.
Eolas d'aon mhac léinn ar na cúrsaí Baitsiléara san Eolaíocht ag fáil deontas SUSI táillí theagaisc amháin (.i. áit nach bhfuil gné cothabhála le híoc le mic léinn): bígí ar an eolas go gcuirfidh SUSI 50% amháin de chostas táillí teagaisc do na mic léinn seo agus go mbeidh ar mhic léinn an chuid eile de na táillí a íoc. Sa bhliain 2023-24 €1,500 a bhí ar an chuid seo san iomlán.
Faoi láthair cuireann SUSI 100% de chostas táillí teagaisc d'aon mhac léinn ag fáil deontas SUSI ina n-áirítear íocaíocht chothabhála don mhac léinn.
Íosriachtanais Iontrála
Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6
Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 2
Íosmhéid ábhair ghnáthleibhéil: 4
Íosghráid: Matamaitic – Gnáthleibhéal D3
Béarla – Gnáthleibhéal D3, Teanga – Gnáthleibhéal D3
Íosriachtanais CAO: 315
RIACHTANAIS QQI
Príomhghradam iomlán Leibhéal 5 i gceann amháin de na réimsí thíos, le céad onóracha i gcúig mhodúl ar a laghad: Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh; Ceardaíocht Chruthaitheach; Dearadh; Dearadh Grafach; Riarachán; Riarachán Oifige; Staidéar Sóisialta Feidhmeach; Staidéar Gnó; Oideachas agus Oiliúint; Próiseáil Eolais; Léann Cultúrtha agus Oidhreachta; Léann Teanga agus an Léann Eorpach; Staidéar Ginearálta; An Luath-Óige; Cúram an Phobail; Forbairt an Phobail; Scileanna Seirbhís Sláinte; Ceol.
Uasiontráil
Is féidir le mic léinn a bhain bliain nó níos mó amach i gcúrsa comhchosúil ag leibhéal céime cur isteach ar uasiontráil ar an gclár B.Eol. (Oideachas Luath-Óige).
Tá líon teoranta áiteanna ar fáil agus ní mór d’iarratasóirí íosriachtanais uile an chláir a shásamh, chomh maith le tabhairt faoi agallamh.
Déan teagmháil le [email protected] chun tuilleadh eolas a fháil.