Bonnchlár Idirnáisiúnta Choláiste na Tríonóide
Tá an Bonnchlár Idirnáisiúnta dírithe ar mhic léinn a bhfuil díocas orthu agus ar mian leo freastal ar institiúid den scoth ach nach féidir leo bunchéim idirnáisiúnta a thosú go díreach. Is clár bliana é an Bonnchlár Idirnáisiúnta a ceapadh chun gur féidir le mic léinn na scileanna a fhorbairt ar gá leo chun dul chun cinn a dhéanamh i dtimpeallacht iomaíoch ollscoile.
Cuirfear Bonnchlár Idirnáisiúnta Choláiste na Tríonóide ar fáil ar champas Institiúid Oideachais Marino, coláiste cleamhnaithe de Choláiste na Tríonóide, áit a bhfuil áiseanna den scoth ar fáil do mhic léinn chomh maith le cóiríocht chinnte ar an láthair. Tá campas Marino 15 nóiméad ó lár Chathair Bhaile Átha Cliath.
An chaoi a n-oibríonn sé
1) Cuireann mic léinn iarratas isteach ar Bhonnchlár Idirnáisiúnta Choláiste na Tríonóide.
2) Tugtar tairiscint choinníollach do na mic léinn a nglactar leo ar Bhonnchlár Idirnáisiúnta Choláiste na Tríonóide staidéar a dhéanamh mar fhochéimí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath sa bhliain acadúil dár gcionn.
3) Le linn bhliain an Bhonnchláir, déanann na mic léinn staidéar ar theanga an Bhéarla; ar Mhatamaitic; ar an smaointeoireacht chriticiúil; ar scileanna cumarsáide; chomh maith le cúrsaí atá sainiúil don ábhar lena mbaineann a sruth roghnaithe.
4) Beidh áit chinnte ar fáil do na mic léinn ar an sruth céime a roghnaíonn siad má éiríonn leo Bonnchlár Idirnáisiúnta Choláiste na Tríonóide a chríochnú agus a fhaigheann na gráid riachtanacha.