Cóiríocht
Beidh cóiríocht ar fáil do mhic léinn a nglacfar leo ar Bhonnchlár Idirnáisiúnta Choláiste na Tríonóide ar champas Institiúid Oideachais Marino, coláiste cleamhnaithe Choláiste na Tríonóide, áit a ndéanfar an teagasc.
Cóiríocht Marino, Baile Átha Cliath 9
Tá áiseanna den scoth do mhic léinn i Marino nach bhfuil ach 15 nóiméad ó lár chathair Bhaile Átha Cliath, príomhchathair bhríomhar Eorpach.
Beidh rogha ar fáil do mhic léinn d’árasáin ina bhfuil 3, 4 nó 5 sheomra codlata, en suite i ngach ceann acu agus bailchríoch ardchaighdeáin orthu, agus ina bhfuil córas iontrála de chineál eochrach óstáin.
Tá na háiseanna go léir is gá leo gar do chóiríocht Marino – ollmhargadh, siopaí, bialanna, cógaslann, etc. Tá sé i mBaile Átha Cliath 9, turas gearr ar an mbus go lár na cathrach (tá stad bus díreach lasmuigh de na geataí) a fhreastalaíonn ar na coláistí i lár chathair Bhaile Átha Cliath.