Fáilte

Lean an tréimhse seo de bheith ina tréimhse fáis agus forbartha do Marino agus muid ag ceiliúradh ár 120ú breithlá. Le linn na bliana seo caite, bhí ríméad orainn ár nAthbhreithniú tionscnaimh ar Éifeachtúlacht Institiúideach a dhéanamh, mar sholáthraí nasctha de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí an Painéal Athbhreithnithe an-tógtha le cultúr an dearbhaithe cáilíochta laistigh den eagraíocht, agus rinne siad trácht go sonrach ar ghairmiúlacht, ar thiomantas don bharr feabhas, agus mar a dhírítear ar na mic léinn sa choláiste. Lena chois sin, d’oibríomar leis an gComhairle Mhúinteoireachta a rinne athbhreithniú ar ár gcláir oideachais tosaigh do mhúinteoirí faoi chritéir athbhreithnithe Céim. Le hathnuachan chreidiúnú ár gclár ón gComhairle, tugadh deis dúinn cáilíocht an teagaisc agus na foghlama in IOM agus an caidreamh iontach atá againn lenár gcomhpháirtithe san oideachas a léiriú, go háirithe na scoileanna agus na heagraíochtaí a thacaíonn lenár mic léinn go leanúnach ar a n-aistear foghlama.

Tá an nuálaíocht ina saintréith dár bhfás agus dár bhforbairt leanúnach agus d’fhorbraíomar ár dtairiscintí trí mheán na Gaeilge tuilleadh i mbliana. Ag cur lenár mBaitsiléir san Oideachas an-rathúil, d’fhorbraíomar Conair nua MGO trí mheán na Gaeilge, a thairgfear d’iarrthóirí MGO i mí Mheán Fómhair 2025. Ina theannta sin, d’fhorbraíomar dhá chlár máistreachta nua ar líne/ cumaisc, an Mháistreacht i Léann an Oideachais sa Bhreisoideachas agus an Mháistreacht i Léann an Oideachais i gCeannaireacht Scoile Críostaí. Leanamar le cláir forbartha gairmiúla a chur ar fáil do mhúinteoirí le linn na bliana agus le linn thréimhse an tsamhraidh, a thacaíonn le riachtanais leanúnacha múinteoirí ranga. Chuireamar forbairt ghairmiúil chomhuaineach ar fáil ar líne freisin do mhúinteoirí i scoileanna na mBráithre Críostaí san India i gcomhar le St Edmund’s College, Shillong. Sheolamar ár straitéis Taighde chomh maith lenár Straitéis TF agus ríomhfhoghlama, agus cuireann an dá cheann acu le hobair ár bplean straitéisigh níos leithne.

Tá ár mic léinn i gcroílár ár gcuid oibre, agus cheapamar ár gcéad Uachtarán sabóideach ar Aontas na Mac Léinn a bheidh ina ionadaí lánaimseartha ar chuallacht na mac léinn. Leis an ról tiomnaithe sin, cuirfear ar chumas Uachtarán Aontas na Mac Léinn bheith rannpháirteach go mór le mic léinn, leis an dámh agus leis an bhfoireann, rud a éascóidh idirphlé agus comhoibriú fiúntach ar shaincheisteanna éagsúla a théann i bhfeidhm ar eispéireas na mac léinn. Bhí áthas orainn ár gcaidreamh lenár nEalaíontóirí Cónaithe a choinneáil ar bun agus lean ár mic léinn de bheith páirteach sna healaíona, sa drámaíocht, sa cheol agus sa spórt.

Tá sampla d’obair na hInstitiúide sa tuarascáil seo ach léirítear léi fairsinge na ngníomhaíochtaí agus na n-éachtaí a baineadh amach le linn na bliana seo caite. Ní fhéadfaí a dhath den obair iontach sin a bhaint amach gan dúthracht dhochloíte ár bhfoirne, ár mac léinn agus na mball pobail. Mar gheall ar a bhfuinneamh agus ar a ndóchas tá IOM ina heagraíocht dhinimiciúil agus ina háit thaitneamhach le staidéar agus le hoibriú ann.

An tOllamh Teresa O’Doherty                                                            An tOllamh Eoin O’Sullivan

Uachtarán                                                                                            Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe

 

Tuarascálacha Roimhe Seo: 

Tuarascáil Bhliantúil Uachtarán Institiúid Oideachais Marino 2023-2024

Tuarascáil Bhliantúil Uachtarán Institiúid Oideachais Marino 2022-2023

Tuarascáil Bhliantúil Uachtarán Institiúid Oideachais Marino 2021-2022

Tuarascáil Bhliantúil Uachtarán Institiúid Oideachais Marino 2020-2021