Scoláireachtaí Fochéime IOM 2025
Ag Ceiliúradh Barr Feabhais in Gnóthachtáil na Mac Léinn
Tá ríméad orainn suas le 20 scoláireacht a chur ar fáil dár luach €500 an ceann sna cúig réimse seo a leanas:
- Obair Dheonach - Aitheantas a thabhairt do shárobair chomhphobail
- Na hEalaíona agus Cultúr - Ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí cruthaitheacha
- Cur Chun Cinn na Gaeilge - Aitheantas a thabhairt d'iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn
- Spórt - Aitheantas a thabhairt d'éachtaí agus tiomantais sa spórt
- Gnóthachtáil Acadúil - Bronntar an scoláireacht seo go huathoibríoch ar an mac léinn leis na pointí CAO is airde i ngach cúrsa
Bronnfar na gradaim in IOM ag bronnadh i Mí na Samhna/ Mí na Nollag agus cuirfear fáilte roimh bhaill clainne na mac léinn ag an ócáid.
Próiseas Iarratais:
Incháilitheacht:
- Ar fáil do mhic léinn fochéime atá cláraithe in IOM a thagann isteach tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) in 2025.
Conas iarratas a dhéanamh:
- Comhlíon an fhoirm iarratais ar líne faoi 5:00in an 26 Meán Fómhair 2025.
- Uaslódáil gach cáipéas tacaíochta le d'iarratas
- Gheobhaidh tú deimhniú láithreach ríomphoist go bhfuil d'iarratas faighte.
Nótaí Tábhachtacha:
- Is féidir cuir isteach ar níos mó ná scoláireacht amháin, ach ní mór foirm iarratais ar leith a chuir isteach le haghaidh gach iarratas
- Ba cheart go mbeadh gach ráiteas pearsanta 500 focal ar a mhéad.
Riachtanais Iontrála gach Scoláireacht
Obair Dheonach
- Ráiteas pearsanta (500 focal) ar d'obair dheonach
- Dhá theistiméireacht (le huaslódáil le d'iarratas)
Na hEalaíona agus Cultúr
- Punann anótáilte de d’obair (físeáin, pictiúir, taifeadadh fuaime, srl.)
- Ráiteas pearsanta (500 focal) ar do chleachtas ealaíona
Spórt
- Fianaise go n-imríonn tú ag ard-leibhéal sa spórt (teastais, tuairisc ó na meáin, scéalta nuachta, srl.)
- Ráiteas pearsanta (500 focal) ar do ghnóthachtáil spóirt
Cur Chun Cinn na Gaeilge
- Ráiteas pearsanta (uasmhéid 500 focal) ar a bhfuil déanta agat chun an Ghaeilge a chur chun cinn
- Dhá theistiméireacht a thacóidh le d'iarratas
Gnóthachtáil Acadúil
- Ní gá cuir isteach ar an scoláireacht seo - bronntar seo go huathoibríoch ar an mac léinn leis na pointí is airde CAO i ngach cúrsa.
Scoláireachtaí / Sparánachtaí Eile
Le heolas a fháil ar scoláireachtaí a bhaineann le Foghlaim Oscailte, brúigh anseo.
Le treoir a fháil ar an sparánacht ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí 1916’ brúigh anseo.
Le heolas a fháil ar scoláireachtaí ollscoile d’Fhoghlaimeoirí Aosta, féach www.uversity.org.