TalkCampus
Is féidir le saol an mhic léinn a bheith deacair, uaigneach agus iomarcach. Más mian leat labhairt le duine éigean, is féidir rochtain a fháil ar TalkCampus, líonra tacaíochta don mheabhairshláinte agus folláine idir phiaraí ar líne, a cheanglaíonn mic léinn timpeall an domhain chun cora an tsaoil a roinnt go hanaithnid.
Is áit shábháilte í an t-ardán seo do mhic léinn, le modhnóireacht 24/7 agus méadú ó fhoireann shábháilteachta dhomhanda de Phiarthacadóirí Oilte agus foireann phroifisiúnta. Is áit spreagúil agus saor ó bhreithiúnas í seo agus ní bheidh a fhios ag Institiúid Oideachais Marino go bhfuil sé in úsáid agat.
Beidh rochtain agat freisin ar shraith d'acmhainní folláine, mar shampla modúil foghlama féindhírithe, rianú ghiúmar, coinneáil dialainne agus leideanna aireachais. Ar a bharr sin, tá TalkCampus ar fáil i raon de theangacha (Béarla, Gaeilge, Araibis, Sínis, Spáinnis, Rúisis, srl.)
Ní gá duit streachailt i d'aonar, is féidir labhairt le do phiaraí faoi na himní agus na dúshláin ar leith a bhíonn romhat mar mhac léinn.

Conas Clárú
Chun tosú agus labhairt le mic léinn eile ar an aip, ní mór duit na céimeanna thíos a leanúint:
- Téigh chuig TalkCampus agus íoslódáil an aip saor in aisce ón aipmhargadh.
- Cláraigh le do sheoladh ríomhphoist MIE
- Seolfar ríomhphost chugat chun an seoladh ríomhphoist a dheimhniú. Cliceáil ar an nasc leis an gcuntas a chur ag obair.