Socrúchán Oibre
I ngach bliain den chúrsa, tabharfaidh tú faoi shocrúchán oibre struchtúrtha, a thabharfaidh tuiscint níos leithne duit ar an oideachas taobh amuigh den seomra ranga. Tugann an socrúchán seo an deis duit an t-eolas teoiriciúil agus an t-ábhar a phléitear sna modúil acadúla a úsáid i gcomhthéacsanna sa saol mar atá agus beidh tú in ann na scileanna inaistrithe a fhorbraítear ar an gcúrsa seo a úsáid i mbealach fiúntach agus praiticiúil. Gach bliain den chlár dírítear ar ghrúpa ar leith foghlaimeoirí. Sa chéad bhliain tugann mic léinn faoi shocrúchán i gcomhthéacsanna oideachais do dhaoine fásta agus don phobal. Sa dara bliain dírítear ar chomhthéacsanna do dhéagóirí agus don aos óg, agus sa tríú bliain dírítear ar chomhthéacsanna do na luath-óige.
Is féidir tabhairt faoin socrúchán i do rogha shuíomh agus sa chaoi seo is féidir le mic léinn taithí a roghnú a thagann lena suimeanna oideachais féin. Le linn gach bliain den chúrsa is féidir le mic léinn socrúchán a roghnú i réimsí a bhfuil suim acu féin iontu, mar shampla ceartas sóisialta, na healaíona agus cultúr nó polasaí agus cleachtas. Tacaíonn an solíbthacht seo leo taithí a fháil ar na conair éagsúla atá ann san oideachas.
Sa bhliain deireanach den chlár tugann mic léinn faoi intéirneacht ocht seachtaine ina mbíonn siad sáite i gcomhthéacs oideachasúil dírithe ar a gcuid suimeanna agus mianta gairme féin. Rinne roinnt mic léinn ar an gcúrsa an intéirneacht sna suíomhanna seo a leanas: Irish Film Institute, Dublin Zoo, Aisling Project, INTO, NCCA agus Fighting Words.
Riachtanais Shocrúcháin Oibre
- Nochtadh Bailí Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána
- Litir Árachais ó IOM
- Litir Comhaontaithe Ghrinnfhiosrúcháin Comhroinnte
- Oiliúint faoi GDPR
Tacaíochtaí ar fáil i rith an tSocrúcháin Oibre
- Comhordaitheoir an tSocrúcháin Oibre (Bliain 1-3)
- Comhordaitheoir na hIntéirneachta (Bliain 4)
- Meantóir Shocrúchán Oibre
- Ceardlanna réamhshochrúcháin oibre
- Iasachtaí leabharlainne níos faide
Socrúcháin ar an mB.Eol Léann an Oideachais
Eagraithe ag
Comhordaitheoir an tSocrúcháin Oibre in IOM agus an mac léinn
Cathain?
Seimeastar 2
Fad
3 seachtaine
Aoisghrúpa
Oideachas do Dhaoine Fásta
Suíomh Gheografach Riachtanach
Níl
Bliain 1 - Suíomhanna Oideachais Féideartha do Dhaoine Fásta agus don Phobal
- Ionad don Fhoghlaim Aosach (m.sh tacaíocht litearthachta agus uimhearthachta)
- Eagraíochtaí oideachais phobail
- Ionad acmhainní teaghlaigh
- Leabharlainne agus moil phobail
- ENRanna (NGOs) a thacaíonn le hoideachas d'inimircigh nó do theifigh
Eagraithe ag
An mac léinn le tacaíocht ó Chomhordaitheoir an tSocrúcháin Oibre in IOM
Cathain?
Seimeastar 2
Fad
3 seachtaine
Aoisghrúpa
Oideachas d'Ógánaigh
Suíomh Gheografach Riachtanach
Níl
Bliain 2 - Suíomhanna Oideachais Féideartha do Dhéagóirí agus don Aos Óg
- Ionaid Youthreach agus coláistí breisoideachais
- Seirbhísí agus clubanna don aos óg (m.sh. eagraíochtaí amhail Foróige)
- Cláir oideachais eile
- Tionscadail thacúla obair bhaile agus tar éis am scoile
- Tionscnaimh fhobartha phobail don aos óg
Eagraithe ag
An mac léinn le tacaíocht ó Chomhordaitheoir an tSocrúcháin Oibre in IOM
Cathain?
Seimeastar 2
Fad
3 seachtaine
Aoisghrúpa
Oideachas Luath-Óige
Suíomh Gheografach Riachtanach
Níl
Bliain 3 - Suíomhanna Oideachais Féideartha do na Luath-Óige
- Naíonraí agus seirbhísí luath-óige
- Suíomhanna Montessori agus cúram leanaí
- Róil thacaíochta i mbunscoileanna (comhthéacsanna neamhtheagaisc)
- ENRanna (NGOs) atá páiste-lárnach agus seirbhísí tacaíochta do theaghlaigh
- Eagraíochtaí ealaíona, spóirt nó cultúrtha a bhíonn ag plé le páistí
Eagraithe ag
An mac léinn le tacaíocht ó Chomhordaitheoir na hIntéirneachta
Cathain?
Laethanta Breathnóireachta: Seimeastar 1
Intéirneacht: Seimeastar 2
Fad
8 seachtaine
Aoisghrúpa
Oideachas do Dhaoine Fásta/Ógánaigh/Luath-Óige
Suíomh Gheografach Riachtanach
Níl