Socrúchán Scoile
I gcaitheamh na gceithre bliana den chlar B.Oid., beidh réimse de thaithí socrúcháin agat. Beidh deiseanna agat socrúcháin a dhéanamh i scoileanna uirbeacha agus tuaithe, scoileanna aonghnéis agus scoileanna comhoideachais, suíomhanna ilghrádacha agus aonghrádacha, scoileanna le stádas faoi mhíbhuntáiste agus Gaelscoileanna nó Scoileanna Gaeltachta. Tabharfaidh tú faoi shocrúchán Oideachais Speisialta sa dara bliain den chlár freisin. Tugann sé seo seans duit taithí a fhail ar shaol na scoile i gcomhthéacsanna éagsúla.
Céard atá i gceist le Laethanta Breathnóireachta?
Le laethanta breathnóireachta tugtar an deis do mhic léinn cuairt a thabhairt ar an suíomh don socrúchán roimh an socrúchán measúnaithe a dhéanamh. Leis seo is féidir le mic léinn faire ar an múinteoir ranga agus aon riachtanais breise nó riachtanais eile maidir leis an rang a thabhairt faoi ndeara.
Riachtanais don Socrúchán
Roimh d'aon mhac léinn tabhairt faoin Socrúchán Scoile, ní mór dóibh na rudaí seo a leanas a dhéanamh agus na doiciméid a leanas a bheith acu:
- Cúrsa um Chumhdach Leanaí: TUSLA Children First Child Safeguarding
- Nochtadh Ghrinnfhiosrúcháin bailí ó IOM
- Litir Árachais ó IOM
- Litir Comhaontaithe Ghrinnfhiosrúcháin Comhroinnte
Conas a dhéantar measúnú ar an Socrúchán?
Déantar measúnú ar an Socrúchán Scoile bunaithe ar dhá chritéir: Pleanáil agus Ullmhúchán agus Teagasc agus Foghlaim.
- Pleanáil agus Ullmhúchán
Nótaí pleanála agus pleananna ceachta - Teagasc agus Foghlaim
Teagasc sa seomra ranga, bainisteoireacht iompair
Gheobhaidh gach mac léinn cuairt mheasúnaithe ón Teagascóir Socrúcháin.
Cad iad na Tacaíochtaí atá ar fáil i rith an tSocrúcháin?
- Maoirseoir Socrúcháin
- Ceardlanna réamh-shocrúcháin
- Síneadh ama ar iasachtaí leabharlainne
Socrúcháin ar an mB.Oid Bunmhúinteoireacht
Eagraithe ag
Oifig an tSocrúcháin Scoile IOM
Cathain?
Seimeastar 2
Fad
3 seachtaine
Riachtanas Breathnóireachta
Tá.
Aoisghrúpa
Meánranganna (Rang 2 - Rang 4)
Cineál Suímh
Bunscoil Phríomhshrutha
Cineál Socrúcháin
Socrúchán le mac éile céadbhliana
Láthair Gheografach Riachtanach
Baile Átha Cliath nó Mórcheantar Bhaile Átha Cliath
Eagraithe ag
Mac Léinn
Cathain?
Seimeastar 1
Fad
2 seachtain
Riachtanais Breathnóireachta
Níl
Aoisghrúpa
N/A
Cineál Suímh
Scoil speisialta nó rang speisialta i scoil phríomhshrutha
Láthair Gheografach Riachtanach
Ar fud na tíre
Eagraithe ag
Mac Léinn
Cathain?
Seimeastar 2
Fad
3 seachtaine
Riachtanas Breathnóireachta
Tá.
Aoisghrúpa
Ranganna Sinsearacha (Rang 5 & Rang 6)
Cineál Suímh
Bunscoil Phríomhshrutha
Láthair Gheografach Riachtanach
Ar fud na tíre
Eagraithe ag
Oifig Shochrúcháin Scoile IOM
Cathain?
Seimeastar 2
Fad
3 seachtaine
Riachtanas Breathnóireachta
Tá.
Aoisghrúpa
Na Luathbhlianta (Naoináin Shóisearacha agus Naoináin Shinsearacha)
Cineál Suímh
Bunscoil Phríomhshrutha
Láthair Gheografach Riachtanach
Baile Átha Cliath nó Mórcheantar Bhaile Átha Cliath
Eagraithe ag
Mac Léinn
Cathain?
Seimeastar 2
Fad
10 seachtaine
Aoisghrúpa
Aon rang nó aon dá rang sa bhuncoil
Cineál Suímh
Bunscoil Phríomhshrutha
Láthair Gheografach Riachtanach
Ar fud na tíre