Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)

__________________________________________________________________________________

Tá spriocdháta na n-iarratas do Mheán Fómhair 2026 thart. 

Beidh na hagallaimh don chéad bhabhta ar siúl ar an 7 agus an 8 Bealtaine (dáta le dearbhú) agus seolfar tairiscintí ar an 5 Meitheamh. Tá na dátaí do na hagallaimh sa dara babhta fós le dearbhú, ach beidh siad ar siúl i lár mhí an Mheitheamh.

Mura ndearna tú an scrúdú TEG fós, beidh scrúduithe ar siúl ar an 15 agus an 16 Bealtaine. Spriocdháta na n-iarratas don scrúdú TEG an 21 Aibreán ag meán lae.

 

Ní mór do gach iarratasóir ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) - Bunmhúinteoireacht scrúdú cainte TEG B1 a dhéanamh agus íosghrád 65% a bhaint amach sa scrúdú sin.

 

Téigí go suíomh TEG le haghaidh tuilleadh eolais.

Tabhair d'aire go bhfuil líon teoranta áiteanna ar na scrúduithe seo agus go líontar iad de réir prionsabail tús freastal ar an gceann is túisce. Mura bhfuil ionad scrúduithe nó dáta ar an bhfoirm, ciallaíonn sé sin go bhfuil sé lán. Sa chás sin, ní mór duit cuir isteach ar ionad scrúdaithe/dáta difriúil.

Ní féidir le hiarratasóirí níos mó ná scrúdú amháin a dhéanamh ar an lá céanna.

Foilseofar na torthaí de ghnáth i lár mí an Mhárta.

 

Cuireann MIE Conair Lán-Ghaeilge den Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ar fáil agus tá curaclam an chonair trí mheán na Gaeilge bunaithe ar an gclár MGO reatha trí mheán an Bhéarla.

Tá riachtanais an TEG difriúil don chonair seo agus ní mór d'iarratasóirí ar an gconair trí mheán na Gaeilge scrúdú iomlán TEG B1 (scrúdú cainte, cluaistuisceana, scríofa agus léamhthuisceanna) a dhéanamh agus íosmharc 65% a bhaint amach sa scrúdú iomlán sin.

Caithfidh íosmhéid mac léinn an cúrsa seo a roghnú mar chéad rogha chun gur féidir an clár seo a chur ar fáil. Tuilleadh eolais ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas conair trí Mheán na Gaeilge.

 

Má tá tú ag cur isteach ar an MGO nó an MGO trí mheán na Gaeilge, is féidir leat d'iarratas a dhéanamh as Béarla nó as Gaeilge, pé ceann ab fhearr leat.

Ceisteanna Coitianta

Céard é an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)?

Ullmhaíonn an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) céimithe le dul isteach i ngairm na múinteoireachta. Ar thosú an chláir dóibh, tá mic léinn ag tosú amach ar chlár ina bhfuil ullmhúchán garimiúil agus oiliúnt taighde ar fáil. Cuireann an clár béim ar shealbhú príomhchleachtais mhúinteoireachta agus táthar ag súil leis go bhforbróidh na mic léinn réimse leathan scileanna praiticiúla múinteoireachta fad is atá siad in Institiúid Oideachais Marino agus nuair atá siad ar shocrúchán scoile. Ina theannta seo, tá gné shuntasach acadúil ag baint leis an gcúrsa; agus is gá do mhic léinn cumas a fhorbairt sa taighde oideachais agus tráchtas a dhéanamh ar thaighde gaolmhar i réimse a roghnaíonn siad féin. Is clár dhá bhliain lánaimseartha é an Máistir Garimiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a shásaíonn na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le riail a dó (bunmhúinteoireacht) de chuid Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Mar chuid den chúrsa seo tá Bonnstaidéar, ina ndéantar comhthathú ar an léann teanga, stair an oideachais, fealsúnacht an oideachais, socheolaíocht an oideachais, síceolaíocht an oideachais agus curaclam agus measúnú. Chomh maith leis sin, tabharfaidh tú faoi mhodúil san eolas ábhair agus sna modheolaíochtaí comhtháite do gach ábhar i gcuraclam na bunscoile. Tabharfaidh tú faoi thaighde i réimse spéise amháin. Déantar an teoiric agus an cleachtas a dhlúthnascadh trí réimse de mhúineadh traschuraclaim, agus trí chuir chuige foghlama agus measúnaithe.

Beidh an deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas a bhaint amach san Oideachas Reiligiún Caitliceach, teastas a ullmhóidh tú le múineadh i scoileanna faoi phatrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Tá an rogha ar fáil duit freisin an teastas a bhaint amach sna Curaclaim Ilchreideamha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Cé air a ndírítear an clár?

Tá an clár ar fáil do chéimithe a bhfuil céim leibhéal 8 nó níos airde acu cheana féin. Is féidir le roinnt mac léinn teacht díreach chuig an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas ó chlár fochéime. In amanna bíonn am caite ag na mic léinn seo am ag taisteal, nó ag múineadh i réimse eile sula ndearna siad an cinneadh dul leis an mbunmhúinteoireacht.

Socrúchán Scoile

Tugann mic léinn faoi shocrúchán scoile níos faide i rith an dá bhliain den chúrsa. Bíonn gach socrúchán ar siúl thar thréimhse ceithre seachtaine ar a laghad agus caithfidh siad réamhfheitheoireacht a dhéanamh ar pháistí, cabhrú leis an múinteoir ranga, agus ullmhúchán a dhéanamh maidir le múineadh na n-ábhar uile. Ní mór do mhic léinn socrúchán amháin a dhéanamh i suíomh oideachais speisialta.

 

An Ghaeltacht

Mar chuid den Mháistir Gairmiúil san Oideachas, ní mór do mhic léinn am a chaitheamh, de ghnáth dhá choicís, sa Ghaeltacht. Faigheann gac mac léinn deontas chun cur ar a gcumas na táillí iomlána a íoc leis na Coláistí Gaeltachta.

Déan íoslódáil ar na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht anseo.

Déan íoslódáil ar Ábhar Tacaíochta 1 agus Ábhar Tacaíochta 2 do na Tréimhsí sa Ghaeltacht anseo.

Céard iad na roghanna gairme atá ar fáil dom?

Faigheann formhór na gcéimithe ón gclár Máistir Gairmiúil san Oideachas post mar bhunmhúinteoirí i bPoblacht na hÉireann. Imíonn roinnt díobh thar lear le Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise nó le múineadh i mbunscoil in áit eile.

Céard iad na roghanna eile atá ar fáil dom?

Tar éis tamaill, tugann roimnnt céimithe faoi staidear breise ag leibhéal dioplóma, máistreachta nó dochtúireachta. Leis na cáilíochtaí breise seo tá féidearthachtaí gairmiúla eile ann a bheith i do cheannaire curaclaim i scoil, i do phríomhoide, i d’oideachasóir múinteoirí, i do shíceolaí oideachais nó i do chigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Liosta na Modúl

MGO Bliain 1 

Seimeastar 1 Seimeastar 2
Teagasc agus Foghlaim Síceolaíocht / Oideachas Luath-Óige
Socrúchán Scoile Socrúchán Scoile
Teanga 1 (Gaeilge/Béarla) Modhanna Taighde
Múineadh na Matamaitice/ Cumas sa Mhathamaitic Oideachas Reiligiúnach
Oideachas na nEalaíon (Amharcealaíona/Drámaíocht/Ceol) Corpoideachas/Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta Teanga 2 (Gaeilge/Béarla)
Léann Gairmiúil Léann Gairmiúil
Rang Teagaisc sa Ghaeilge Rang Teagaisc sa Ghaeilge

 

MGO Bliain 2

Seimeastar 1 Seimeastar 2
Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha don Mhúineadh agus don Fhoghlaim Tráchtas 
Oideachas Ionchuimsitheach Ardsocrúchán scoile
Litríocht/Litearthacht & ag múineadh i suíomhanna lán-Ghaeilge  
Oideachas na nEalaíon (na hEalaíona Comhtháite & Ceol/Drámaíocht)  
Teoiric agus Cleachtas Oideachais: Stair/Fealsúnacht/Síceolaíocht/Socheolaíocht  
Múineadh i suíomhanna ilchreidmheacha  
Múineadh i scoileanna Caitlicheacha  

 

 

Eolas ginearálta

Fad: 2 bhliain lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 120 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Íosriachtanais Iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8 le toradh II.2 nó níos airde) nó mórghradam ag leibhéal 9 nó 10 agus na Gráid Ardteistiméireachta seo a leanas; Gaeilge - H4, Mata - O4/ H7, Béarla - O4 / H7 (nó a chomhionann). Ní mór d'iarratasóirí 65% nó níos airde a bhaint amach sa scrúdú béal TEG B1 Gaeilge. Sonraí iomlána maidir leis na híosriachtanais iontrála don bhliain 2026/27 ar fáil anseo.

I scrúduithe TGMO agus TGO A Leibhéal Thuaisceart Éireann:

Gaeilge - Grád C ag TGO A Leibhéal, Béarla / Litríocht an Bhéarla - Grád C sa dá cheann ag Leibhéal TG(M)O nó Grád B ag Leibhéal TG(M)O i gceachtar acu. Matamaitic - Grád D ag Leibhéal TG(M)O i Matamaitic Bhreise nó Grád C ag Leibhéal TG(M)O sa Mhatamaitic.

* Tá na gráid agus na marcanna céatadáin % i scéim ghrádaithe 1992-2016 agus i scéim nua 2017 leagtha amach anseo.