Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luath-Óige)
Tá na hiarratais don chúrsa ag tosú i Lúnasa/Meán Fómhair 2026 oscailte anois. Dúnfar na hiarratais ar an 5 Meitheamh 2026. Iarrfar ar iarratasóirí incháilithe teacht le haghaidh agallaimh.
CUIR ISTEACH ar MLO san Oideachas Luath-Óige
Le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected] chun suim a léiriú sa chúrsa nó má tá aon cheisteanna ginearálta agat.
Céard í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luath-Óige)?
Cuireann an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luath-Óige) taithí uathúil foghlama ar fáil atá bunaithe ar fhorbairt na tuisceana teoiriciúla agus na feasachta criticiúla i measc na rannpháirtithe maidir le príomhcheisteanna an oideachais luath-óige, go háirithe maidir le tábhacht timpeallacht ghníomhach bunaithe ar spraoi.
Cé dó/ di an cúrsa?
Tá an clár oscailte do bhunmhúinteoirí, cleachtóirí luath-óige agus dóibh siúd atá ag obair le páistí óga, go háirithe dóibh siúd a bhfuil suim acu i réimse na habhcóideachta, ceannaireachta agus cleachtas luath-óige a chur chun cinn.
Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?
Molfar do na rannpháirithe ar an gcúrsa Máistreachta seo smaoineamh ar bhonn criticiúil, machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas agus an tuiscint atá acu ar an oideachas luath-óige a dhoimhniú.
Déanfar taighde a imscrúdú, taighde a bhaineann le gnéithe tábhachtacha, amhail an spraoi, teanga agus réimsí eile d’fhoghlaim an pháiste, agus roinnfear tuairimí agus forbróidh siad tuiscintí roinnte le mic léinn eile trí na fóraim ar líne. Iniúchfaidh siad smaointeoirí éagsúla a bhíonn ag plé leis an oideachas luath-óige agus déanfaidh siad meastóireacht chriticiúil orthu.
Déanfar éascaíocht ar fhoghlaim na mac léinn sna suíomhanna aghaidh ar aghaidh agus ar líne. Tacaítear le foghlaim comhoibríoch trí obair ghrúpa, cuir i láthair agus plé gairmiúil.
Gné an-tábhachtach den chúrsa is ea an deis a thugtar do mhic léinn a dtionscadal taighde féin a dhearadh agus a dhéanamh. Tá sé d'aidhm ag an gcúrsa cleachtóirí athmhachnamhacha d'ardchaighdeán a fhorbairt a bhfuil an cumas acu tacú le cleachtas éifeachtach bunaithe ar fhianaise i suíomhanna luath-óige.
Céard iad aidhmeanna an chláir?
Tá sé mar aidhm ag an gclár go gcumasaítear mic léinn chun
- Domhaintuiscintí teoiriciúla mar aon le feasacht chriticiúil a fhorbairt maidir le príomhcheisteanna san Oideachas Luath-Óige
- Critíc a dhéanamh ar a n-eolas, a scileanna agus a ndearcthaí gairmiúla maidir leis an Oideachas Luath-Óige
- Cur le foras saineolais ina gcleachtas gairmiúil ar ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta san Oideachas Luath-Óige
- Tionscadail thaighde a thosú agus a dhéanamh ar bhonn neamhspleách
Conas a dhéantar measúnú ar an gclár?
Tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir.
- Bliain 1: Tionscadail, cás-staidéir, agus léirmheas litríochta
- Bliain 2: Togra taighde agus tráchtas
Leis an leagan amach seo féadfar muinín a chothú de réir a chéile chun taighde a dhéanamh agus nasc a dhéanamh idir theoiric agus chleachtas gairmiúil.
Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?
Beidh ullmhúchán maith ag céimithe an chláir maidir le róil cheannaireahta, mheastóireachta agus bhainisteoireachta san oideachas luath-óige. I measc na ról seo, tá
- Ceannaireacht scoile nó bainisteoir i suíomh oideachais luath-óige.
- Forbairt ghairmiúil agus róil oiliúna
- Forbairt beartais agus obair chomhairleach
- Róil i gCigearacht na Roinne Oideachais
- Róil in eagraíochtaí gairmiúla amhail Early Childhood Ireland.
Leis an gcáilíocht seo tacaítear le dul chun cinn gairmiúil agus osclaítear deiseanna chun tionchar a imirt ar chleachtas, beartas agus taighde san oideachas luath-óige.
An Rogha Scoir
Is féidir le mic léinn a éiríonn le pas a fháil sa chéad bhliain den chúrsa scor le Dioplóma Iarchéime (san Oideachas Luath-Óige)
Liosta na Modúl
Bliain 1
Modúl 1 Oideachas Luath-Óige: Polasaí agus Cleachtas
- An cleachtas is fearr ar bhonn idirnáisiúnta san oideachas luath-óige
- Polasaí agus cleachtas an oideachais luath-óige in Éirinn
- Teoiric agus cleachtas spraoi san oideachas luath-óige
- Critíc a dhéanamh ar Aistear mar chreat bunaithe ar spraoi
- Ról an chleachtóra i bhforbairt an fhoghlaimeora fhéinrialaithe
Modúl 2 Síceolaíocht na Luath-óige
- Príomhchoincheapa agus díospóireachtaí i síceolaíocht na luath-óige
- Teoiricí foghlama: Conas a fhoghlaimíonn páistí?
- Forbairt mhothúcánach agus iompraíochta sa luath-óige
- An luath-óige i gcomhthéacs
- Measúnú & meastóireacht
Modúl 3 Teanga agus Litearthacht in Oideachas na Luath-óige
- Litearthacht mar chleachtas sóisialta
- Litearthacht éiritheach
- Forbairt teanga ó bhéal
- Scileanna litearthachta foirmiúla agus neamhfhoirmiúla
- Ról an scéil in oideachas na luath-óige
Modúl 4 Foghlaim ar bhonn Fiosraithe
- Príomhbhunúis fhealsúnacha agus stair na foghlama bunaithe ar fhiosrúchán
- Príomhphrionsabail oideolaíocha atá mar bhonn taca do mhúnlaí oideolaíocha bunaithe ar fhiosrúchán
- Timpeallacht bunaithe ar fhiosrúchán a chruthú agus áiseanna a fháil di
- Measúnú i bhfoghlaim bunaithe ar fhiosrúchán
- Eiseamláir den fhoghlaim bunaithe ar fhiosrúchan sa mhatamaitic agus san eolaíocht
Bliain 2
Modúl 5 Modheolaíocht Taighde
- Modheolaíochtaí taighde agus eiticí taighde
- Proiséas cheapadh an taighde
Modúl 6
- Togra taighde agus tráchtas
Eolas ginearálta
Fad: 2 bhliain páirtaimseartha
Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí (NFQ)
An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 90 creidmheas
Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Íosriachtanais iontrála
Céim onóracha (leibhéal 8) le céim dara honóracha nó os a chionn, agus ar a laghad trí bliana de thaithí mhúinteoireachta nó a mhacasamhail de thaithí ghairmiúil. I gcásanna eisceachtúla, smaoineofar ar áit a thabhairt do mhic léinn ar an gclár, mic léinn a shásaíonn riachtanas na céime onóracha ach nach bhfuil an taithí riachtanach acu.
Modh Seachadta
Sa chéad bhliain bíonn ranganna go hiondúil dhá deireadh seachtaine in aghaidh na míosa, ar Aoine (ó 6.00i.n. go 9.00i.n.) agus ar an Satharn (ó 9.00r.n. go 4.00i.n.). Sa dara bliain bíonn ranganna ag mic léinn go luath sa chéad seimeastar agus i ndiaidh sin díríonn siad ar an togra taighde.
Tabhair faoi deara go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar an t-eolas seo.
Táillí an Chúrsa
Tá costas táillí an chúrsa €3,950 in aghaidh na bliana. Is féidir sonraí iomlána na dtorthaí a léamh i bPolasaí Táillí na hInstitiúide.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór d'iarrthóirí iarratas ar líne a dhéanamh agus dul faoi agallamh.
Do thuilleadh eolais gabh i dteagmháil le [email protected]